Mar a duras sa chead blog ar an Luain táimid ag iarradh beagáin Gaeilge a thabairt isteach inár saol i rith seachtain na Gaeilge. I gcomhair an an blog inniu chasaimid go dtí an Aifric Theas agus comhlacht darbh ainm ‘Waterford Estate’, lonaithe i Stellenbosch, tá an fíonghort seo ag cruthú sárfhíon ón Aifric Theas mar shampla Cabernet Sauvignon, Shiraz, Chardonnay agus Sauvignon Blanc. Dar liom féin is é an Chardonnay an fíon ab fhearr a mbaineann leo. Is fíon den fíonchaora Chardonnay óna bhfíonghort féin a úsaidtear leis an fíon seo a cruthú. Tá dath geal dath tuí ar an bhfíon. Leideanna de vanilla ón am i mbaille darach comh mhaith le boladh breochloiche ar an srón. Tá an pailéad balasta le notaí líomóíde agus torthaí trópaiceach. Tá críoch fada agus glan le notaí mianraí.

About these ads